NÓS

An G Spota ar ais!
Déanfar an club Gaeilge, An G Spota, a aiséirí i lár Bhéal Feirste an deireadh seachtaine seo nuair a bhaileoidh Gaeil áitiúla, agus cuairteoirí as níos faide i gcéin, le chéile le haghaidh meascán mearaí de cheol comhaimseartha, amhráin thraidisiúnta agus damhsa ar an sean-nós.

Tamall de bhlianta ó shin bhí An G Spota á reáchtáil i gCumann Chluain Ard in iarthar na cathrach ach anois tá an spraoi Gaelach á thabhairt isteach go lár an aonaigh chuig teach tábhairne an Sunflower ar Shráid an Aontais.

Amhráin bheo, damhsóirí as Conamara agus seit DJ de cheol Gaelach agus domhanda atá ar an chlár don oíche, atá anois á heagrú ag an ghrúpa Gaeilge MISNEACH.

“Is iomaí Gael atá ann ar fud Bhéal Feirste agus ar fud na tíre nach mothaíonn mar chuid de phobal teanga,” arsa Brónagh Fusco, duine den lucht eagraithe.

“Ba mhian linn an mothú pobail sin a spreagadh i measc cainteoirí Gaeilge agus shíl muid gur bealach iontach é an G Spota chun sin a dhéanamh.

“Is í an teachtaireacht atá againn ná go gcaithfidh pobal na teanga theacht le chéile go sóisialta ionas gur féidir linn spiorad an phobail a thógáil.

“Beidh scoth an cheoil nua agus traidisiúnta ann ar an oíche agus tá daoine ag teacht as Gaillimh agus Baile Átha Cliath fiú le bheith i láthair.

“Tá imeachtaí cosúil leis an G Spota, An Cabaret Craiceáilte i nGaoth Dobhair, Ré-Rá i gCorcaigh, ócáidí Chlub an Chonartha i mBaile Átha Cliath, tá siad sin de dhíth orainn mar Ghaeil agus tá sé i gceist leanúint leis an spraoi Gaelach anseo i mBéal Feirste ar bhonn míosúil as seo amach.”

Beidh an chéad G Spota ar siúl Dé Sathairn 13 Aibreán sa Sunflower, Union St, Béal Feirste. Tosaíonn sé ar 9in, níl ach £3 ar an doras agus tá fáilte roimh chách.

Lego? Leoga!
Eoin P. Ó Murchú

Is beag rud ar domhan atá chomh gleoite foirfe le bosca breá Lego nua as an bpíosa.

Agus mé i mo pháiste ba dhlúthchuid den Nollaig agus de bhreithlaethanta agam bosca beathaithe Lego a fháil.

Is cuimhin liom an díomá ollmhór a bhí orm nuair nach bhfuair mé foireann an Iarthair Fhiáin, theastaigh an Dún Mór agus na Saighdiúirí uaim agus ní bhfuair mé ach an Baile agus na Buachaillí Bó (ag smaoineamh air anois, tá an Dún uaim fós!)

D’imigh sin agus tháinig bronntanais éagsúla ar an saol, stuif níos oiriúnaí do dhuine níos sine.

Ansin, díreach dhá bhliain ó shin fuaireas bronntanas Nollag ó chara liom, eitleán mór dearg Lego agus chuir sé mé ag smaoineamh ar na brící breátha beoga úd agus ar an taitneamh atá le baint astu.

Is ó leg godt na Danmhairgise a thagann an focal Lego, ‘spraoi go maith’ a chiallaíonn sé agus is cinnte gur leis a bhí an spraoi go maith!

Ba shiúnéir Danmhairgeach é Ole Kirk Christiansen a thosaigh an comhlacht sa bhliain 1932 agus dhéantaí bréagáin adhmaid ar dtús.

Is sa bhliain 1949 a thosaigh an comhlacht ag cur brící tógála ar fáil agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin.

Tuigtear go bhfuil suas le 62 bríce ann in aghaidh gach duine ar an domhan seo (ó go bhfuil bailiúchán ollmhór agam tuigim go bhfuil duine éigin gann go maith orthu!)

Ait go leor do chomhlacht chomh mór leis, bhí deacrachtaí gnó ag Lego ag tús na mílaoise seo is ní raibh brabús á dhéanamh acu.

Mar bharr ar an donas d’imigh paitinn na mbrící ó mhaith agus bhí cead anois ag comhlachtaí ar nós Megablocks agus eile brící atá inúsáidte le brící Lego féin a chruthú.

Tar éis do Lego díriú ar fhoirne speisialta do dhomhan Harry Potter agus Star Wars is nascadh le cluichí ríomhaireachta is mar sin de tháinig athrú ar chúrsaí agus cinntíodh todhchaí an bhréagáin.

Locht eile orthu ná go raibh an costas ard go maith.

Cuid den fáth a bhfuil costas chomh hard sin ar Lego ná go bhfuil an comhlacht fíorthiomanta táirge ar ardchaighdeán a chur ar fáil, nó sin a deir siad pé scéal.

Ag breathnú dúinn ar na brící bídeacha chaithfeá aontú leo nach an gnáthchineál truflaise plaistigh a bhíonn i gceist leo.

Bliain amháin fuaireas seanbhosca Lego a bhíodh ag m’athair romham, bosca seod, is bhí an cleamhnas déanta. Chuaigh mé go Legoland Windsor taobh amuigh de Londain fiú, eispéireas a bhí dochreidte ar fad do dhuine a bhí ag éirí an-tógtha le Lego.

Ann, tá gnáthpháirc siamsaíochta le rollchostóirí chomh maith le holldealbha déanta as Lego fud fad na háite.

Bíonn ceardlanna ar leith ann le Lego Mindstorms; bealach le Lego a dhéanamh beo agus ríomhchláru a dhéanamh ar róbait.

Is é Mindstorms an pacáiste aonair is mó díol riamh ag an gcomhlacht agus is iomaí comórtas innealtóireachta is deartha do leithéidí NASA a bhaineann úsáid as na brící cliste seo.

Ó gur spreagadh mo shuim i Lego athuair tá draoi sin an tsaoil inniu, an t-idirlíon, tar éis iontaisí a roinnt liom.

Daoine a dhéanann ealaín as na brící, dealbha móra nó radharcanna atá lomlán le mionsonraí.

Tá leagan den Bhíobla curtha i láthair trí Lego ann fiú!

Cuireann roinnt den nuálacht seo agus na mionpháirteanna speisialaithe ach go háirithe as do sheanóirí Lego, dream atá fíordhílis agus fíorchosantach faoin mbun- bhréagán.

Is cosúil go mbeidh an Lego in uachtar go gceann tamaill fhada fós.

Bhraith mé uaim é, caithfidh mé a rá.

Ní fheadar an bhfuilim róshean dó ná don draíocht dhaite phlaisteach?

FÍRICÍ LEGO:

• Tá poll i gcloigeann na ndaoine beaga le nach dtachtfaidh daoine beaga (páistí) orthu!

• Ní bhíonn daoine le gruaig fhionn ann mar nach n-oireann sé do na haghaidheanna buí!

• Cruthaítear 19 billiún bríce sa bhliain, sin thart ar 36,000 bríce gach nóiméad.

• Cruthaíodh breis is 400 billiún bríce ón mbliain 1958 i leith.

• Ní dhéantar gunnaí ach do na seiteanna fantaisíochta.

• Is as stiréin bhútaidhé-éine aicrilinítríle atá na brící déanta (ach thuig tú sin cheana féin!)

• Tá 915 milliún bealach ann le 6 bhríce Lego a chur lena chéile!

No
1988 atá ann agus tar éis 15 bliain de dheachtóireacht mhíleata bíonn deis ag pobal na Sile vóta a chaitheamh i reifreann náisiúnta ar thodhchaí an Ghinearáil Augusto Pinochet.

Leantar an fear fógra René Saavedra (Gael García Bernal) agus é taobh thiar den fheachtas mór poiblíochta a reáchtáladh ag an am chun an vóta ‘Ní hea’ a ghríosadh.

Bhí an tír Laidin-Mheiriceánach i ndiaidh fulaingt go mór le linn réimeas Pinochet – a tháinig i gcumhacht de bharr coup d’état fuilteach agus a mharaigh thart ar 3,000 duine i rith a thréimhse i gceannas – agus is léiriú é No ar dhóchas na Sileach ag deireadh na n-ochtóidí go mbeadh siad in ann cinniúint úrnua shíochánta a chruthú dóibh faoi dheireadh.

Mar shampla ar an scoilt sa phobal, go háirithe idir lucht an rachmais agus na gnáthdhaoine, tá ceannaire (Alfredo Castro) chomhlacht margaíochta René gnóthach i mbun oibre leis an fhoireann ‘Sí’ atá ar son Pinochet agus díríonn an bheirt acu ar chleasanna nua éagsúla – fógraíocht teilifíse go speisialta – lena bhfeachtais a bhrú chun tosaigh.

Ba é croí choimhlint na pobalbhreithe ná 27 oíche d’fhógraí teilifíse ina raibh 15 nóiméad ag na hiomaitheoirí a n-argóint a chur ina luí ar an lucht féachana – chuaigh na hollfheachtais mhargaíochta seo go mór i bhfeidhm ar mheon mhuintir na tíre ach go deimhin ní ar an scáileán amháin a troideadh an feachtas.

Bunaithe ar an dráma neamhfhoilsithe El Plebiscito le hAntonio Skármeta, cruthaíonn an scannán pictiúr beoga d’fhíor-atmaisféar na tíre ag an am.

Cé gur chuir Pinochet córas géar caipitlíoch ar bun sa tSile, tá sé suimiúil le tabhairt faoi deara gurb é mac an chaipitleachais féin, an mhargaíocht, a úsáidtear go glic ina éadan agus ba chúis lena thitim sa deireadh.

Feictear gearrthóga de réaltaí móra Hollywood na linne, leithéidí Jane Fonda agus Richard Dreyfuss, a bhí páirteach san fheachtas No i gcoinne an deachtóra agus cluintear amhráin ghreamúla a cumadh ina éadan chomh maith.

Ar na gnéithe is leithlí faoi No tá cinneadh an stiúthóra Pablo Larraín ceamaraí ísealghléine a úsáid a chuireann cuma ghleoite fhíréanta ar na híomhánna agus a lonnaíonn tú i gcroílár 1988 ar an toirt.

Ní nach ionadh mar sin go bhfuil sé ar ghearrliosta na nOscar i mbliana le haghaidh an Scannáin is Fearr i dTeanga Eachtrannach agus tá moladh ag dul, uair amháin eile, chuig García Bernal – fear a mbíonn gné pholaitiúil leis an mhórchuid dá shaothar – atá an-inchreidte sa phríomhról.

Is cinnte go gceisteoidh roinnt breathnóirí ar chóir ceiliúradh a dhéanamh ar an am a chuir gníomhaíochas polaitiúil cuma na margaíochta air féin ach ar an iomlán is seoid de scannán é No.

Tomaí Ó Conghaile

Cumhacht an Ghrá
Cillian de Búrca

Tá sé go luath ar maidin Luain i mBaile Átha Cliath nuair a bhuailim le Damien Dempsey i stiúideo raidió do chomhrá agus seisiún beo.

“Tá mo ghuth píosa garbh ar maidin,” a deir sé. “Ach beidh an paisean ann go fóill, mar a deirim i gcónaí!”

Níl aon amhras faoi sin. Tá an ceirnín is déanaí Almighty Love eisithe ag Dempsey i bhfómhar na bliana seo caite tar éis ceithre bliana de shos a thógáil, agus go leor a tharla idir an dá linn.

“Chuaigh mé ag spaisteoireacht, i bhfírinne. Bhí an tobar folamh; ní raibh aon rud fágtha ann, agus bhí orm píosa taistil a dhéanamh agus an domhan a fheiceáil sular raibh mé inn ann aon cheol nua a scríobh.

“Dúradh liom uair amháin go gcaithfidh tú tú féin a thógáil amach as an suíomh anois is arís chun go mbeidh tú in ann an mórphictiúr a fheiceáil, agus oibríonn sé sin domsa nuair atá mé thar lear ar feadh tamaill.”

Is dearcadh ar leith atá le mothú sa cheirnín is déanaí seo; is léir go bhfuil an fear as Domhnach Míde i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ag smaoineamh siar ar a óige agus ar a chairde i go leor de na hamhráin, agus ar chuid acu a cailleadh ó shin.

Is amhrán cumhachtach ach tragóideach atá i ‘Chris and Stevie’ a insíonn scéal beirte a chuir lámh ina mbás féin. Críochnaíonn an t-amhrán le líne ar leith á ceol arís agus arís, “Talk to me, tell me how you feel”, agus deir Dempsey liom gur mhaith leis go rachadh sé i bhfeidhm ar aon duine atá ag smaoineamh ar an dóigh chéanna.

“Má tá daoine óga amuigh ansin ag smaoineamh faoi rud éigin a dhéanamh, tá súil agam go dtabharfaidh sé píosa dóchais dóibh agus go labhróidh siad le duine éigin faoi.”

Tá téamaí sóisialta le cloisteáil go forleathan i gceol Dempsey, agus ní haon eisceacht é Almighty Love.

Ar ndóighe tá go leor tar éis tarlú sa tír le roinnt blianta ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de, agus i dtraicéanna ar nós ‘Community’ agus ‘Moneyman’canann Dempsey faoin tábhacht a bhaineann le haontacht i gcoinne na sainte.

Is léir go mothaíonn sé go láidir faoin ábhar sin ach go háirithe, “Bhí mé ag amharc ar an rialtas nuair a bhí mé ag scríobh na n-amhrán sin. Níl iontu ach daoine soipe, puipéid, aisteoirí dea- íoctha!

“Is iad an IMF, an ECB, na daoine seo go léir gan aghaidh atá i gceannas ar an tír anois. Is dóigh liom féin go bhfuil siad ag iarraidh ár n-acmhainní ar an chósta thiar; an ola agus an gás, sin an fáth a bhfuil siad anseo.”

Agus mé ag caint leis, tá Damo ag éirí réidh do roinnt gigeanna timpeall na tíre, agus ansin ar aghaidh leis ar camchuairt chun na hAstráile sna míonna beaga amach romhainn.

Níor rud nua é ar chor ar bith dó a bheith ag seinm d’Éireannaigh atá ar imirce, agus molann sé an taisteal go mór.

“Is rud iontach é d’Éireannaigh óga dul amach ag taisteal. Osclaíonn sé a n-intinn don domhan.

“Ach sílim gur ceart dóibh a bheith cúramach chomh maith; tá sé ró-éasca a éirí gafa sna háiteanna céanna – téann roinnt daoine leathbhealach trasna na cruinne chun ól i dtithe tábhairne Éireannacha le hÉireannaigh eile.”

Is ceirnín cumhachtach machnamhach atá i Almighty Love a léiríonn go rí-mhaith go bhfuil Dempsey in ard a réime go fóill mar dhuine de mhórcheoltóirí na tíre seo.

Ní amháin go bhfuil ceol den chéad scoth le cloisteáil ann, ach insítear scéal mar a fheiceann seisean é ar an oileán ina gcónaíonn muid agus tá a dhearcadh i dtiúin le meon cuid mhór Gael óg faoi láthair.

Má bhíonn seanchaí ann riamh atá in ann scéal na hÉirinn sa lá atá inniu ann a inse, is é Damien Dempsey an duine sin.

Cuireann Cillian de Búrca an clár dátheangach, Guaranteed Irish, i láthair gach Domhnach ar 8in ar Classic Hits 4FM. Is féidir éisteacht ar 94 – 105 FM nó ar www.classichits.ie

Ár líonra sóisialta?
Tomaí Ó Conghaile

Dhá bhliain ó shin scríobh mé alt tuairimíochta don nuachtán Gaelscéal inár léirigh mé an fhís atá agam, agus ag go leor Gael eile, go dtiocfaidh an lá ina mbeidh gréasán ceart Gaelach i bhfeidhm ar fud na tíre.

Ní díreach ranganna agus scoileanna a bhí i gceist – cé go bhfuil barrthábhacht leo sin chomh maith – ach gréasán sóisialta a chuireann ar chumas cainteoirí Gaeilge bualadh gan stró le baill eile de phobal s’againn, is cuma cén áit in Éirinn ina bhfuil siad.

Ag croí an ghréasáin seo tá caiféanna, pubanna agus ionaid eile inar féidir le Gaeil áitiúla, nó iad atá ar cuairt, bualadh isteach, cupán caife a ól, teacht ar ár meáin chlóite, freastal ar imeachtaí rialta agus fiú fanacht thar oíche dá mba mhian leo.

I dtíortha ar nós na Catalóine agus Thír na mBasach, tá áiteanna den chineál seo ina gcnámh droma ag gluaiseacht na teanga, agus is mór an difear a dhéanann siad do shaol laethúil na bpobal sin.

Cibé baile ina mbíonn tú sna dúichí sin beidh tú in ann theacht ar áit – caifé nó beár beag mar shampla – ina bhfuil teanga dhúchais na tíre á labhairt go hoscailte agus á cur chun cinn ar bhealach muiníneach neamhbhalbh.

Ar ndóigh, tá an dá theanga seo níos láidre ná an Ghaeilge faoi láthair ach bíonn na hionaid le fáil fiú i gceantair ina bhfuil an lámh in uachtar ag an Spáinnis, rud a dhéanann níos luachmhaire go fóill iad.

Neartaítear féiniúlacht an phobail go suntasach tríd an phróiseas leanúnach pearsanta seo agus d’aithneodh aon Ghael gur rud é sin atá de dhíth go géar ar ár bpobal féin i láthair na huaire.

Ar bhealach is líonra sóisialta san fhíorshaol iad, agus in aois seo na bhforbairtí teicneolaíochta tá a fhios againn uilig an tábhacht a bhaineann le líonrú sóisialta.

Na háiteanna in Éirinn a bhfuil spás sóisialta éifeachtach cheana féin ag pobal na Gaeilge – na Cultúrlanna ó thuaidh; Sráid Fhearchair agus a pobal gaolmhar; Café Cois Laoi; an iliomad teach tábhairne agus bialann srl. sna ceantair Ghaeltachta – tá mothúchán pobail níos láidre iontu ná sna háiteanna ina bhfuil cainteoirí Gaeilge ach atá gan an líonra sóisialta Gaelach sin.

Cad é atá le déanamh mar sin? Is fíor gur de réir a chéile a thógtar na cáisleáin ach más todhchaí pobail, teanga agus cultúir – atá uilig faoi bhagairt – atá á cruthú againn ní mór dúinn ar fad tabhairt faoin obair atá riachtanach.

Bíonn rólanna éagsúla le himirt ag gach duine – teaghlaigh a thógáil, oideachas a chur ar fáil, na meáin a sholáthar, feachtasaíocht a dhéanamh – ach beidh neart léitheoirí de chuid na hirise seo in ann páirt ghníomhach a ghlacadh i bhforbairt ár ngréasán sóisialta.

In am seo na déine ní fiú fanacht ar chuidiú nó ar chead na n-údarás le tús a chur le fíorú na físe. Go deimhin ba ón phobal aníos a tháinig na tograí Gaeilge is tábhachtaí thar na blianta – toil, paisean, sprioc, cur chuige, dóchas agus misneach na comhábhair a bhí de dhíth riamh agus atá de dhíth anois.

Dhá bhliain ar aghaidh ó scríobh mé an chéad alt ar an ábhar seo is beag forbairt nua fheiceálach atá déanta againn maidir le saol sóisialta ár bpobail féin.

Chun tograí úra san earnáil seo a spreagadh, chun feasacht a chothú maidir leis na deiseanna sóisialta atá cheana féin amuigh ansin agus chun ár bhféiniúlacht pobail a neartú dá réir, tá eolas á chur le chéile ag NÓS maidir le caiféanna, pubanna, ionaid shóisialta, Gaelimeachtaí comhaimseartha agus tithe lóistín atá tiomanta dár dteanga go príomha.

Cuirfear an t-eolas ar fáil san iris agus ar nosmag.com amach anseo. Bígí linn – déanaimis ár dteanga agus ár bpobal níos feiceálaí, níos bríomhara agus níos sláintiúla.

Má tá do thogra, imeacht nó gnó mar chuid de líonra sóisialta na Gaeilge, cuir in iúl dúinn ag eolas@nosmag.com

Bruíon na mBuíon!
An ceoltóir tú? Nó an bhfuil banna agat? Ar mhaith leat EP a thaifeadadh le cabhair ó bhall de chuid Villagers?

Sin an duais iontach atá á thabhairt amach ag an chlár Rónán Beo @3 mar chuid de Sheachtain na nDaoine Óga.

Bruíon na mBuíon is ainm don chomórtas iontach seo ina bhfuil cuireadh á chur ar ghrúpaí nó ceoltóirí aonaracha amhrán nuachumtha comhaimseartha a chumadh agus a sheoladh isteach chuig an seó raidió is mó i ndomhan na Gaeilge.

Beidh móltóirí an chomórtais ag treabhadh fríd na hamhráin uilig a thiocfaidh isteach le buaiteoir amháin a roghnú. Beidh an buaiteoir á fhógairt ar Rónán Beo @3 Dé hAoine 19 Aibreán.

Duais:

- EP (3 traic) a thaifeadadh i stiúideo Tommy McLaughlin, ball den ghrúpa ceoil ‘Villagers’

- Cuireadh le seinm ag an Chabaret Craiceáilte.

- Clúdach ar NÓS

Rialacha:

- Tá an comórtas seo dírithe ar dhaltaí meánscoile ar fud na tíre.

- Glacfar le hamhráin chomhaimseartha nuachumtha le grúpa nó le ceoltóirí aonaracha.

- Is féidir níos mó ná hiarratas amháin a sheoladh isteach ach an méid sin a chur in iúl i d’iarratas.

- Ní bheidh athbhreathnú á dhéanamh ar chinneadh na moltóirí.

Cuir isteach air:

Seol d’amhrán chuig Rónán Beo, RTÉ Raidió Na Gaeltacha, Na Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall nó mp3 chuig ronan@rte.ie roimh Dé hAoine 29 Márta.

Is breá linn seo
“Is breá liom Gaeilge ach…” is teideal d’fhíseán úrnua de chuid Choláiste Lurgan, agus is breá linn é.

Tá clú ar lucht an Choláiste, atá suite sa Spidéal, as an chur chuige samhlaíoch comhaimseartha a bhíonn in úsáid acu le teagmháil a dhéanamh le Gaeil óga fud fad na tíre agus is minic a bhíonn muidne anseo in oifigí NÓS ag amharc ar a gcuid físeán iontach.

Agus is féidir an eisiúint is déanaí seo a chur leis an liosta sin.

Níor mhaith linn an rún a scaoileadh – b’fhearr linn go mbreathnófá ar an fhíseán féin ar ndóigh – ach seo líne ón sárshaothar spreagúil:

“And you have some crazy notion that a Tyrannosaurus Rex does a great version of ‘Dúnmharú ar an Dart’.”

Ach mar atá a fhios againn… He does! And the same T-Rex has an opinion piece in our next edition. Coinnigh súil amach dó.

Mar a deir muintir Choláiste Lurgan, “Muide an todhchaí, gach éinne againn, Gaeilge gan eagla, tá sí ar eolas agat!”

“Ba bhreá linn oibriú le Beyoncé!” – Heathers
Ba in 2007 a tháinig na deirfiúracha Ellie agus Louise Macnamara, aka Heathers, chun solais den chéad uair nuair a eisíodh a gcéad albam riamh, Here, Not There.

Bhí na cailíní as an Charraig Dhubh i mBaile Átha Cliath go fóill ag staidéar don Ardteist nuair a tháinig an t-albam amach ach d’éirigh go hiontach leis, agus níorbh fhada go raibh siad ag dul ar camchuairt chun na Stát Aontaithe agus timpeall na hEorpa.

Tá aithne ar Heathers ach go háirithe mar gheall ar a bhfuaim uathúil a mheascann giotár fuaimiúil lena gcomhcheol guthach láidir – is stíl simplí é, ach tá sé cumhachtach, mealltach agus thar aon rud eile léiríonn sé go soiléir cé chomh tallannach agus atá na cailíní féin.

I measc na n-éachtaí móra atá bainte amach acu ó thosaigh siad tá cinneadh an bord turasóireachta, Discover Ireland, ceann de na singlí ar Here, Not There a úsáid ina bhfeachtas fógraíochta.

Tá ‘I Remember When’ fós le cloisteáil ar fhógraí raidió agus teilifíse go náisiúnta go dtí an lá inniu, agus níl aon amhras gur mheall an feachtas lucht éisteachta nua ina dtreo.

Agus anois, le halbam úrnua eisithe acu agus iad go díreach tar éis camchuairt na hÉireann a chríochnú, is cosúil go bhfuil tuilleadh rudaí móra i ndán do Ellie agus Louise.

Tháinig an dara albam dá gcuid, Kingdom, amach ag tús mhí Mheán Fómhair agus a fuair ardmholadh ó léirmheastóirí go láithreach mar cheann de na ceirníní Éireannacha is fearr sa bhliain.

Ach cé go bhfuil an comhcheol guthach agus giotár fuaimiúil fós le cloisteáil, is léir go bhfuil stíl Heathers tar éis forbairt go mór ón chéad albam.

“Scríobh muid an chéad albam nuair a bhí muid 17; tá muid anois 22 agus ceapaim go bhfuil muid tar éis éirí níos aibí,” a deir Louise.

“Tá súil agam cibé ar bith!” a chuireann Ellie leis, agus í ag gáire.

“Ach creidim go bhfuil muid tar éis fás aníos in aois agus i stíl scríbhneoireachta.

“Éisteann muid le gach sórt ceoil agus leis an albam seo rinne muid an cinneadh chun leathnú amach go réimsí nua.

“Scríobhabh Here, Not There go hiomlán ar ghiotár fuaimiúil, ach le Kingdom scríobh muid an chuid is mó de ar an mhéarchlár; tá drumaí ann, tá Synths ann, agus is dócha go ndeachaigh sé sin i bhfeidhm ar fhuaim an albaim ar an iomlán.”

Agus mé ag caint leis na cailíní, bhí ráflaí ann go raibh an DJ cheol damhsa agus léiritheoir ceoil ollmhóir, David Guetta, tar éis dul i dteagmháil le Heathers maidir le hamhrán a scríobh dó.

“De réir dealraimh chonaic sé an físeán dár gcéad singil ón albam nua, ‘Forget Me Knots’, ar bhlag éigin ar an idirlíon agus chuaigh sé i dteagmháil lenár mbainisteoirí,” arsa Ellie.

“Níl aon rud deimhnithe aige go fóill ach tá sceitimíní orainn gur cuireadh an cheist orainn fiú, go háirithe mar go bhfuil muid inár leantóirí móra dá chuid!”

Is céim chun tosaigh é do na cailíní gan amhras, agus deir siad liom gur bhreá leo an deis a fháil chun rudaí difriúla a scríobh taobh amuigh den sórt ceoil a chanann siad mar Heathers.

Baineann siad geit asam áfach nuair a chuirim an cheist orthu cén ceoltóir ar mhaith leo oibriú leo, thar aon duine eile ar domhan…

“Beyoncé!” a deir siad le chéile go díograiseach.

Shíl mé go raibh siad ag spochadh asam ar dtús, ach dearbhaíonn siad liom go bhfuil siad lán dáiríre.

“Tá an-dúil againn i gceol Beyoncé, tá sí iontach,” arsa Ellie.

Is léir nach bhfuil blas ceoil na gcailíní dúnta ar chor ar bith; éisteann siad le gach sórt agus tagann sé sin trasna ina gceol féin.

Tá Heathers díreach tar éis dul ar camchuairt timpeall na hÉireann agus ón aisfhgreara a fuair siad ar an bhóthar níl aon amhras nach bhfuil a lucht leanúna ach ag fás i gcónaí.

Líon na cailíní ionaid amach i mBaile Átha Cliath, Luimneach, Port Láirge, Béal Feirste, Gaillimh agus Corcaigh le dhá mí anuas, agus táthar ag súil go mbeidh siad ag taisteal thar lear sa bhliain úr.

Tá Kingdom, an eisiúint is déanaí de chuid Heathers sna siopaí anois, agus is féidir é a íoslódáil ó iTunes chomh maith. Tuilleadh eolais ó www.heathersmusic.net

Cuireann Cillian de Búrca an clár dátheangach, Guaranteed Irish, i láthair gach Domhnach ar 8in ar Classic Hits 4FM. Is féidir éisteacht ar 94 – 105 FM nó ar www.classichits.ie

Stassinopoulou & Kalyviotis – Greekadelia
Is annamh teideal albaim chomh cruinn mar chur síos ar a bhfuil le clos ann. Is annamh, freisin, go mbeadh aon albam amháin ina sheánra nua ann féin.

Is éard atá i Greekadelia ná trí cheann déag d’amhráin traidisiúnta demotika na Gréige (is as ceantar nó oileán difriúil gach ceann acu) gléasta in éadaí nua sícidéileacha ag an amhránaí Kristi Stassinopoulou agus an ceoltóir/léiritheor Stathis Kalyviotis.

Is cur chuige é a chuirfidh na traidisiúnaithe le craobhacha, sea, ach níor cheart go mbeadh amhras ar éinne faoi dhílseacht Stassinopoulou agus Kalyviotis don gceol demotika.

Thar aon rud eile, deirtear féin, is iarracht é Greekadelia chun suim sa cheol dúchasach a spreagadh i nglúin óg Ghréagach atá tar éis cúl a thabhairt dos na hamhráin traidisiúnta.

Lena samplaí glic, lúibíní siarghabhálacha agus gléasanna eachtrannacha (mar an armóin Indiach) tá Greekadelia ar nós Elizabeth Fraser na Cocteau Twins ag jamáil le hAndy Irvine agus Nico ar oileán Ródas, le Brendan Perry Dead Can Dance agus Lemon Jelly ag an deasc fuaime.

Cuireann glór éin tús le ‘Erhomai Ki Esy Koimasai’ – amhrán i stíl Patinida na hÁise Bige a bhíonn á canadh ag daoine is iad ag siúl i ngrúpaí beaga – roimh do Kalyviotis fonn mall an amhráin a chóiriú as sraitheanna d’fhuaim na harmóine, an laouto (liúit Ghréigeach) agus éifeachtaí leictreonacha.

Faoin am a thosnaíonn amhránaíocht mheiliosmatach Stassinopoulou tá támhnéal curtha acu ort.

Tá luas agus blas níos éirimiúla ar phoirt rince mar ‘Me Gelasan Ta Poulia’ agus an ‘Matia San Kai Ta Dika Sou’ eisceachtúil, ach fós féin ní haon cheol bainise é an Greekadelia sícidéileach seo.

Ar nós Planxty agus Kíla i gcás cheol traidisiúnta na tíre seo, tá sé de mhisneach ag Stassinopoulou agus Kalyviotis a mbóthar samhlaithe féin a shiúl, laistigh agus lasmuigh de theorainneacha an traidisiúin.

N’fheadar faoi mhuintir na Gréige, ach bímísne buíoch díbh.

Debo Band – Debo Band
Snagcheol Aetópach ar cheirníní Sub Pop, an lipéad ceoil freagrach as ceol grunge a chur ar an bhfód le síniú agus cothú grúpaí mar Nirvana, Soundgarden agus Mudhoney.

Cad atá ar siúl acu, an lipéad a bhfuil fathaigh mhóra indie-rac mar Fleet Foxes, Wolf Parade agus Dinosaur Jr fós ar na leabhair acu?

Tá freagra na ceiste sin le haimsiú siar ag tús na seachtóidí in Addis Ababa, príomhchathair na hAetóipe.

Is sa tréibhse úd a thit ‘Ré Órga’ cheol na hAetóipe amach, bláthú ollmhór ar cheol na tíre de dheasca fhís Mulatu Astatke, a bhí tar éis filleadh abhaile ó Choláiste Ceoil Berklee i mBostún.

An sprioc a bhí aige ná snagcheol Meiriceánach agus ceol Laidineach a chomhnascadh le scála peinteatonach a thíre dúchais, agus glór searbh an bhanna phráise a chaolú le húirlísí níos boige mar an giotár, an víbreafón agus an t-orgán.

An toradh air sin: roinnt den cheol is suntasaí agus is tarraingtí a ndearnadh taifead air sa 20ú aois.

Tháinig deireadh leis an Ré Órga i 1974 nuair a chuir coup d’etat an tImpire Haile Selassie as oifig ach, le hatheisiúint cheol na ré úid le blianta beaga anuas i bhfoirm na sraithe ‘Ethiopiques’, tá stádas idirnáisiúnta bainte amach ag Mulatu agus a chomhghleacaithe a chuireann ar chomhchéim le laochra móra an cheoil Afracaigh mar Fela Kuti agus Sunny King Ade iad.

Cé go bhfuil Mulatu Astatke fós beo agus fós gníomhach, táid siúd ann atá den tuairim go bhfuil an Debo Band ar an ionchollú comhaimseartha de cheol na Ré Órga.

Más fíor sin, is fíor leis gur cleamhnas nádúrtha é a bhfuil déanta idir Debo Band agus ceirníní Sub Pop i gcomhthéacs an bhlais láidir rac atá ar phoirt mar ‘Not Just A Song’ agus ‘Tenesh Kelbe Lay’.

Cé gur inimirceach Aetóipeach é ceannaire an ghrúpa Danny Mekonnon, tá an fhíric gur Meiriceánaigh iad formhór de bhaill eile an ghrúpa le clos go soiléir, an tionchar sin ag sileadh amach as na callairí ar an taifead seo.

Ní féidir riamh Ré Orga a athchruthú, ach tá pointí áirithe anseo – an ‘Akale Wube’ oirirc scaoilte mar shampla – nuair a chaitheann Debo Band seaicilí an bhuille 4/4 uathu agus tagann siad gar go maith dó.

Ben Ó Faoláin